Don Duine is Lú, Léitheoireacht Abú

Geraldine French

Research output: Book/ReportCommissioned report

Abstract

Tá sé mar aidhm ag Rannán Leabharlann Chomhairle Contae Fhine Gall feasacht a spreagadh maidir leis an tábhacht a bhaineann le luathlitearthacht agus conas is fearr luathlitearthacht a leasú i gcomhpháirtíocht le gníomhaireachtaí breisoideachais áitiúla, eagraíochtaí a bhfuil leas acu sna blianta luathfhorbartha, suíomhanna luath-óige, scoileanna agus coláistí. Tá Leabharlanna Fhine Gall, dá bharr, ag forbairt gníomhaíochtaí áirithe chun an pobal a chur ar an eolas d’fhonn tacú leis an leanbh liteartha. Sonraíonn an doiciméad seo Straitéis Litearthachta Luathbhlianta Leabharlanna Fhine Gall (dá dtagraítear Straitéis anseo amach anseo). Tosaíonn sé le creat de Chontae Fhine Gall go ginearálta agus Leabharlanna Fhine Gall ach go háirithe. Cuirtear i láthair ceapadh na Straitéise, a cuid aidhmeanna agus na prionsabail atá mar bhun agus taca léi. Sonraítear ansin an réasúnaíocht a bhaineann le Leabharlanna Fhine Gall bheith dírithe ar luathlitearthacht nó litearthacht éiritheach. Ansin tá rannóg a dhíríonn ar thaighde ábhartha maidir le luathlitearthacht. Cuirtear críoch leis an doiciméad leis na heochairghníomhaíochtaí sa Straitéis, conas a bhainfear iad seo amach agus roinnt cás-staidéar eiseamláireach maidir le gníomhaíochtaí agus iad i bhfeidhm.
Original languageIrish
PublisherTechnological University Dublin
Commissioning bodyFingal County Council
DOIs
Publication statusPublished - 1 Jan 2012

Keywords

  • early childhood learning
  • early childhood reading

Cite this