Abstract
Achoimre Déantar cur síos san alt seo ar ról na scéalta agus na leabhar mar áis fhoghlamtha teanga is scéalaíochta sa naíonra Gaelach. Déantar anailís ar an teoiric a bhaineann le forbairt na teanga is na scéalaíochta féin sa chéad is sa dara teanga. Deineadh cluastaifeadadh ar na seisiúin scéalaíochta i naíonra Gaelach amháin gach coicís ar feadh sé mhí. Scagadh na hathscríbhinní chun féachaint cén modh scéalaíochta a bhí in úsáid ag na stiúrthóirí is cén dul chun cinn a bhí á dhéanamh ag na páistí. Tugtar cuntas anseo ar na straitéisí scéalaíochta a bhí in úsáid ag na stiúrthóirí sin agus ar na naisc a dhein siad idir na scéalta is na gníomhaíochtaí eile sa naíonra. Tuigeadh gur chabhraigh an modh inste rialta leis na páistí chun páirt a ghlacadh sa scéal. Tuigeadh freisin go raibh tábhacht ag baint leis an scéal céanna a léamh go minic chun seans a thabhairt do na páistí dul i dtaithí ar an mbrí is ar an bhfoclóir is chun deis a thabhairt dóibh ceangail a dhéanamh idir na scéalta is imeachtaí an naíonra is a saol féin.
| Original language | English |
|---|---|
| Journal | Oideas |
| Volume | 55 |
| DOIs | |
| Publication status | Published - 1 Apr 2010 |
Keywords
- scéalta
- leabhar
- fhoghlamtha teanga
- scéalaíochta
- naíonra Gaelach
- forbairt na teanga
- forbairt na scéalaíochta
- cluastaifeadadh
- seisiúin scéalaíochta
- modh scéalaíochta
- stiúrthóirí
- dul chun cinn
- páistí
- straitéisí scéalaíochta
- gníomhaíochtaí
- modh inste rialta
- léamh
- foclóir
- ceangail